Description
Tá an Cúigear ar an mbealach go dtí an phictiúrlann nuair a fheiceann Timmy cat agus as go brách leis ina dhiaidh. Leanann an Cúigear é chomh fada le teach folamh. Ach an bhfuil sé folamh? Mar tá fuaimeanna aisteacha le cloisteáil taobh istigh. Bun-ghearrscéal de chuid Enid Blyton le léaráidí úrnua lándaite le Jamie Littler.
Aistriúchán go Gaeilge ar bhun-ghearrscéal de chuid Enid Blyton. Is í Máirín Ní Ghadhra ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a d’aistrigh an scéal go Gaeilge.
Tá 8 leabhar sa tsraith ‘An Cúigear Cróga’ ar fáil as Gaeilge ó Chló Iar-Chonnacht.
Foilsithe le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.