Skip to main content

Daonscoil na Mumhan – Imeachtaí 2004

  • 0.05 KG:
Praghas

7.00


Is fearr beart ná briathar ach is fearr i dteannta a chéile iad.
…ag Daonscoil na Mumhan… bhíomar ag comóradh dhá imeacht iomráiteacha I saol na Gaeilge cead bliain ó shin:

Foilsiú fhoclóir cuimsitheach an Duinnínigh;
Bunú Scoil Ard-Léinn na Gaeilge.

Is mór an tionchar a bhí ag an dá dhul chun cinn sin ar athréimniú na Gaeilge ó shin mar is léir d’éinne a chaith tráthnóna sona leis an Duinníneach nó ag éisteacht le Máirtín Ó Murchú ag caint faoi. Léiríonn Gearóid Mac Eoin go cruinn dúinn an tionchar forleatach a bhí ag Scoil Ard-Léinn na Gaeilge ar fhorbairt na teanga ó shin I leith.