Deaideo Craiceáilte agus Gairdín na Róbat
- 0.25 KG:
- Cló Iar-Chonnacht
- Oisín Mc Gann / Fearghas Mac Lochlainn
- 9781784442989
€8.00
Tá garraíodóir nua ag Deaideo Craiceáilte – is róbat é! Ní bheidh ar Dheaideo a bheith ag glanadh fiailí ná ag lomadh féir níos mó! Ach tá pleananna eile ag an róbat, áfach… In uair mharbh na hoíche, tosaíonn sé ag obair ar ghairdín dá chuid ƒein. Beidh rud gránna gan choinne roimh Learaí agus Deaideo ar maidin!
Scríbhneoir agus maisitheoir Éireannach é Oisín McGann a scríobhann leabhair i seánraí éagsúla do pháistí agus do dhéagóirí. Scríobhann sé ficsean eolaíochta agus fantaisíochta. Scríobhann agus maisíonn sé go leor dá chuid leabhar.
Is iar-mhúinteoir bunscoile é Fearghas Mac Lochlainn atá ina chónaí sa Spidéal i gContae na Gaillimhe. Tá aithne ar Fhearghas mar chumadóir lúibíní, agallaimh bheirte, agus amhráin. Tá roinnt oibre déanta aige mar mhaisitheoir le ‘Fighting Words Chonamara’ freisin. Tá riar leabhra do pháistí aistrithe go Gaeilge ag Fearghas. Ina measc sin tá cúig cinn den tsraith ‘Dónall Dána’ agus deich gcinn den tsraith ‘O’Brien Flyers’. Ba é Fearghas a rinne eagarthóireacht ar an mbailiúchán agallaimh is lúibíní ‘Comhrá Cosáin’. Tá roinnt saothair dá chuid féin scríofa aige freisin.



