Skip to main content

Sreangscéal – Forbairt na Teileagrafaíochta Leictrí

  • 0.5 KG:
Praghas

10.00


Cuntas ar luathstair fhorbairt an teileagrafaíochta leictrí sa naoú haois déag. Leabhar don ghnáthléitheoir’ atá sa chuntas: cuntas ar na daoine a chuir an teileagrafaíocht chun cinn, na fadhbanna teicniúla agus praiticiúla a réitíodar, agus ar an éifeacht a bhí ag an teileagrafaíocht ar shaol an phobail.
Tá cuntas sa leabhar ar mar a tháinig an teileagrafaíocht chun cinn sa Bhreatain, ar an Mhór-roinn, i Meiriceá agus in Éirinn, ar mar ar leagadh cáblaí faoin bhfarraige idir tíortha, agus ar an éacht ba mhó ar fad: leagadh na gcáblaí idir Oileán Dairbhre i gCiarraí agus Talamh an Éisc, tionscadal a thóg dhá bhliain déag le cur i gcrích go ráthmhar. Tá cuntas ar ghnéithe de stair an stáisiúin teileagrafaíochta i nDairbhre, i mBaile an Sceilig agus sa Choireán.
Tá tagairt freisin do ghnéithe teileagrafaíochta an Chonartha Angla-Éireannaigh i 1921.
Dhá scór léaráidí.