Description
Tá dúnmharfóir i mbun oibre. Ceoltóirí ar an sean-nós á marú aige. Gan de cheangal fánach eatarthu ach le Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, file agus údar ‘An Bonnán Buí’. Rún ársa a bhí ceilte leis na cianta is cúis le scrios agus ár inniu. An fada eile a choinneofar faoi cheilt é? Nó cé chomh fada is a rachaidh daoine áirithe le Rún an Bhonnáin a chosaint?