Description
Spreag an Ghaeilge le Spraoi: Scaoil Uait Í! Lámhleabhar chun tacú le múinteoirí an Ghaeilge a spreagadh, a cheiliúradh agus a shaibhriú.
Chuir an tSeirbhís um PDST an leabhrán seo le chéile i gcomhpháirt leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun tacú le múinteoirí an Ghaeilge a spreagadh. Sa leabhrán seo tá an chumarsáid mar sprioc. Is í an teanga príomhuirlis na cumarsáide. Ní mór i gcónaí timpeallacht foghlama teanga a chruthú atá dearfach agus táirgiúil ar mhaithe le cruinneas gramadaí agus inniúlacht chumarsáideach a chothú.