Cur síos
Tá Natasha gnóthach ag ullmhú don Ardteist agus ag staidéar go dian, í féin agus a dlúthchairde, Ailbhe agus Mollaí, i meánscoil Chnoc na Rós. Ach tá dúshlán níos mó ná scrúdú i ndán do Natasha, sa bhaile ar Ascaill Dhún na Rún, nuair a thosaíonn a máthair ag briseadh na ngréithe agus nuair a bhailíonn a hathair leis i lár na hoíche. Agus tá a chuid fadhbanna féin ag a deartháir, Craobh.
Úrscéal spleodrach – grá agus gruaim, cairdeas agus naimhdeas – agus na fadhbanna a bhaineann le bheith i do dhéagóir sa lá atá inniu ann.