Skip to main content

Madame Lazare **as stoc**

Madame Lazare (Buaiteoir – Leabhar na Bliana 2021 ag Gradaim An Post). An tríú eagrán 9781915684028 (in ionad 9781910945964, 9781910945742).

  • 0.6 KG:
  • Barzaz
  • Tadhg Mac Dhonnagáin
  • 9781915684028
Praghas

15.95


Buaiteoir – Leabhar na Bliana 2021 ag Gradaim An Post
Ainmnithe – Leabhar na Bliana, Gradam Uí Shúilleabháin ag Oireachtas na Gaeilge 2021
Ainmnithe – European Union Prize for Literature

Ó bhí sí ina páiste óg, tá Levana bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin í Hana Lazare, seanmháthair Levana, a theith ina cailín óg di óna tír dhúchais i dtuaisceart na hEorpa, an t-aon duine amháin dá muintir a tháinig slán ó shlad an Shoah. Ach nuair a thagann mearbhall intinne ar Hana i ndeireadh a saoil,
sceitheann blúirí eolais óna béal a fhágann Levana trína chéile. Seoltar an bhean óg ar aistear a thugann uirthi gach rud a dúirt a seanmháthair riamh léi a cheistiú. De réir mar a ghluaiseann an scéal ó Pháras go dtí an Bhruiséil go hiarthar na hÉireann, druideann Levana le fíorscéal a seanmháthar agus leis an tubaiste ba chúis leis an saol rúnda atá caite ag Madame Lazare.