An Meon Folaithe

18.00

Cnuasach aistí bunaithe ar thaighde úr le scoláirí sochtheangeolaíochta atá ag obair i meitheal le tamall de bhlianta. Díríonn an saothar ar idé-eolaíochtaí chainteoirí na Gaeilge i nGaeltacht na hÉireann agus na hAlban. Léiríonn an méid a chreideann daoine ina gcroí istigh faoi luach na Gaeilge an fhíorstaid ina bhfuil an teanga agus an rud […]

Category: ,

Cur síos

Cnuasach aistí bunaithe ar thaighde úr le scoláirí sochtheangeolaíochta atá ag obair i meitheal le tamall de bhlianta. Díríonn an saothar ar idé-eolaíochtaí chainteoirí na Gaeilge i nGaeltacht na hÉireann agus na hAlban. Léiríonn an méid a chreideann daoine ina gcroí istigh faoi luach na Gaeilge an fhíorstaid ina bhfuil an teanga agus an rud atá i ndán di, ach tá an chuid is tábhachtaí de na smaointe sin chomh domhain i bhfolach nach gcuireann cainteoirí friotal orthu. Sin é an meon folaithe, an creideamh teangeolaíochta atá i bhfolach ach ar féidir linn tuiscint a fháil air nuair a dhéantar anailís ar iompar agus ar nósanna labhartha lucht na Gaeilge. Na húdair: Tadhg Ó hIfearnáin, John Walsh, Laoise Ní Dhúda, Helena Ní Ghearáin, Noel P. Ó Murchadha, Cassie Smith-Christmas, Timothy Currie Armstrong agus Hugh Rowland.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg