Cur síos
Sa tríú úrscéal sa tsraith ‘Sráid an Iarla’ castar Mártan orainn in eachtra nua eile.
Casann Mártan le cailín beag bricíneach sa tsráid agus tugann sí ar cuairt é chuig gabha mistéireach ina cheárta agus cuireann in aithne é d’amhránaí álainn rua. Ach cé na trioblóidí atá ag an mBean Rua agus a hiníon? Agus cé hé an gabha a bhfuil ceárta aige taobh thiar den gharáiste? “Tá samhlaíocht na hóige fós ag Peadar Ó Cualáin! Leabhra spéisiúla.” — Aonghas Ó hAlmhain