Skip to main content

Binjí – Madra ar Strae

  • 0.4 KG:
  • Futa Fata
  • Patricia Forde, Brian Fitzgerald
  • 9781910945919
Praghas

9.50


Tá Binjí, an madra beag, imithe amú sa chathair mhór.

Tá sé ag iarraidh teacht ar a mháistir. Bíonn sé siúd ag obair sa Mhargadh – ach níl a fhios ag Binjí cá bhfuil sé sin. Nuair a chasann sé ar chat cliste darb ainm Cloigín, deir sise gur féidir léi cabhrú leis. Ach an féidir?

Scéal álainn é seo faoin gcairdeas idir madra beag atá imithe amú agus cat cliste a bhfuil gach rud ar eolas aici – bhuel, beagnach gach rud!