Cur síos
Is é atá sa leabhar seo ná eagrán criticeach de Phárliment na bhFíodóirí, saothar próis a chum Dáibhí de Barra (1757/8-1851), scríobhaí ó Charraig Tuathail, in oirthear Chorcaí.
Is coir Párliment na bhFíodóirí, dá laghad é, a áireamh ar mhórthéacsaí inspéise na hochtú aoise déag.
Is é seo an chéaduair a foilsíódh an saothar seo ina iomláine. I dteannta na dtéacsaí cóirithe, déantar nótaí teanga, nótaí téacsa agus gluaise a sholáthar mar áis do léitheoirí.