Cur síos
Cnuasach aistí atá curtha ar fáil anseo in ómós don Ollamh Pádraig A. Breatnach, fear a bhfuil ‘lorg na leabhar’ go trom ar a chuid scoláireachta. Cuimsíonn an t-ábhar féin foinsí scríofa na Gaeilge ón luathré anall go dtí an tréimhse chomhaimseartha chomh maith le foinsí béil Ghaeilge na hÉireann, na hAlban agus Oileán Mhanann.