Description
Leabhar é seo do leanaí agus dá dtuismitheoirí chun an próiseas a bhaineann le teacht isteach san ospidéal le haghaidh obráide nó scanadh faoi ainéistéiseach ginearálta a mhíniú.
“Dia duit! Annie is ainm dom agus is dochtúir mé san ospidéal. Táim anseo chun insint duit faoin méid a tharlóidh más gá duit riamh teacht chuig an ospidéal le haghaidh obráide nó scanadh faoi ainéistéiseach ginearálta.
Inseoidh mé chuile rud duit faoin jab iontach atá agam, faoi na daoine a mbuailfidh tú leo agus faoin gcaoi a mbraithfidh tú nuair a bheidh tú anseo!”