Description
Treoirleabhar scagphriontála le léaráidí is ea Scagphriontáil as Gaeilge: treoir
bhunúsach. Clúdaíonn an leabhar seo stair, ábhair, uirlisí agus próisis na
scagphriontála, agus tugann sé réamhrá gairid ar gach rud a bhaineann leis an
scagphriontáil. Tá sé dírithe ar aon duine a bhfuil suim acu san ealaín, sa
scagphriontáil nó sa Ghaeilge, go háirithe déantóirí scagphriontaí ar mian leo foghlaim
faoina gceird i nGaeilge. Tá gluais úsáideach san áireamh toisc go bhfuil cuid mhór de na téarmaí scagphriontála Gaeilge nua. Is scagphrionta cúig dhath le vearnais
lonrach ar spotaí é an clúdach, agus tá na leathanaigh priontáilte le Risograph in dhá dhath.
Eagrán teoranta uimhrithe, clórith: 50 cóip.