Description
Tá róbó cairtchláir á chruthú ag Aoife, agus níl uaithi ach píosa spraoi. Nuair a thagann an róbó chun beatha, tosaíonn an spraoi i gceart!
Tá Boscadán an-mhaith ag baint rudaí as a chéile agus á gcur i gceart arís. Geallann sé do thuismitheoirí Aoife go ndeiseoidh sé a bhfuil briste sa teach. Ach an é sin an méid a dhéanfaidh sé?
Scéal ficsin do pháistí in aois 8+ ó pheann údar Daideo agus Tromluí.