Description
Tar linn ar aistear ar fud an domhain chun cuairt a thabhairt ar
15 iontas de dhéantús an duine. Ní inniu ná inné a tógadh cuid de na háiteanna iontacha aisteacha a fheicfidh tú ar an turas seo,
ach na céadta nó na mílte bliain ó shin. Cuid eile acu is le déanaí a tógadh iad agus tá ceann amháin acu fós á tógáil, fiú. Is cuma ársa nó úrnua iad, tá áilleacht, éachtaí agus eachtraí ag baint le gach ceann acu: An Taj Majal, Machu Picchu agus Pirimid Chúfú ina
measc.
Máire Ní Chualáin a rinne an leagan Gaeilge.
Féach an nasc seo le teacht ar leabhrán gníomhaíochtaí a bhaineann leis an leabhar.