Description
978-1-7392551-6-9
Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach so, iad go léir fé bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha is ghrá, idir uaigneas is dóchas. Insintí géara gonta, go bhfuil tús, lár agus deireadh leo – cé gur minic go dtosnaíonn siad i lár baill nó go gcríochnaíonn siad go luath. Tá an leabhar so ag cur thar maoil le carachtair bháúla, agus splanc léargais nua á fháilt acu ar an saol.
Tugtar cuireadh duit teacht ag spraoi ar feadh tamaillín i saol na splancscéalaíochta.