Skip to main content
Glaoigh orainn: +353 (0) 1 478 3814

Fúinn

Clódhanna Teoranta agus mar a
tháinig An Siopa Leabhar ar an saol

Bhí Coiste na bhFoillseachán ag Conradh na Gaeilge ó 1900 agus Pádraig Mac Piarais mar

Rúnaí ag an gCoiste sin. Ag cruinniú de chuid Choiste Gnótha Chonradh na Gaeilge ar an 8 Feabhra 1908, cinneadh go mbeadh “Clodhanna, Ltd.” i bhfeidhm mar chomhlacht ón 1 Márta sa bhliain chéanna. An cúram a bheadh acu ná foilseacháin uile an Chonartha a láimhseáil ó bhí an Conradh ag foilsiú a lán leabhar, paimfléad, bileoga bolscaireachta agus ábhar eile ag an am.

Lean Clódhanna ar aghaidh sa ról sin, agus ag foilsiú leo, go dtí tús na bhfichidí. Ansin, bunaíodh An Gúm chun leabhair Ghaeilge a fhoilsiú agus níor fhoilsigh Clódhanna aon leabhar idir 1922 agus 1964.

Sa bhliain 1948  bunaíodh an iris liteartha Feasta (www.feasta.ie) mar chuid de Chlódhanna chun diospóireacht agus dioscúrsa litríochta agus eile a spreagadh agus a éascú. (Foilsítear an iris sin go míosúil agus bíonn sí ar fáil sa Siopa Leabhar!)

Agus an Conradh lonnaithe in 24 Sráid Uí Chonaill, bhí siopa ann agus iad ag díol ábhar foilsithe an Chonartha (fad is a bhí comhlacht eile, Messrs. M. H. Gill and Son, Ltd., i mbun dáiliúcháin chuig siopaí eile). Féach an íomhá ar dheis, agus an comhartha ‘Díoltar leabhra Gaedhilge annso’ os cionn an dorais.

Bhí siopa beag ag an gConradh in Uimhir 6 chomh maith ó bhog siad isteach in 1966. Faoin am a bunaíodh An Siopa Leabhar, chonacthas do mhuintir litríochta na Gaeilge go raibh géarghá le siopa ar leith a fhreastlódh ar léitheoirí na Gaeilge agus éinne a mbeadh spéis acu ní hamháin sa Ghaeilge ach sna teangacha agus tíortha Ceilteacha eile. Bhí géarghá leis “toisc nach [raibh] fáil ach le dua ar leabhair Ghaeilge i bhformhór phríomhshiopaí leabhar Baile Átha Cliath.”

Osclaíodh An Siopa Ceilteach ar an 31 Iúil 1975 (is é sin, breithlá Chonradh na Gaeilge). Ba é An tOllamh Dáithí Ó hUaithne a d’oscail an siopa go hoifigiúil. Bhí Clódhanna Teoranta ar ais i mbarr a réime ag an am sin, a bhuíochas sin le Donnchadh Ó Súilleabháin a bhí mar stiúrthóir ag an am. Ba é Pádraig Ó Snodaigh a bhí mar Uachtarán an Chonartha ag an am, agus baint nach beag aige féin i mbunú an tSiopa.

Ó shin i leith tá an Siopa Leabhar mar lárionad litríochta don Ghaeilge agus dá léitheoirí. Bíonn teacht sa Siopa ar acmhainní éagsúla Gaeilge idir leabhair, chártaí, chluichí, éadaí, earraí tí, agus An Fáinne Úr. Pléann foireann an tSiopa le scoileanna den uile leibhéal fud fad an oileáin, le leabharlanna, clubanna leabhar, eagraíochtaí eile Gaeilge –  agus dar ndóigh le léitheoirí craosacha na Gaeilge!

Is cuid de Chlódhanna Teoranta é An Siopa Leabhar go fóill, agus seans go bhfeicfidh tú ‘Clódhanna’ ar do ráiteas bainc má d’íoc tú le cárta sa Siopa le déanaí. Ina theannta sin, comhlacht teoranta is ea an Siopa fós freisin, is é sin nach ionann a stádas agus an stádas carthanachta atá ag an gConradh trí chéile. Ní fhaigheann an Siopa Leabhar maoiniú ón stát.


Ceisteanna Coitianta

An nglacann sibh le híocaíochtaí cárta?

Glacann, sa Siopa féin agus thar an bhfón.

 

An nglacann sibh le National Book Tokens?

Glacann, sa Siopa féin agus thar an bhfón.

 

An nglacann sibh le dearbháin One4All?

Glacann! Is féidir linn glacadh leo sa Siopa féin, ach ní ar an bhfón ná ní ar an suíomh idirlín seo. Cinntigh go bhfuil a fhios agat cé mhéad atá fágtha ar an dearbhán sula dtagann tú chuig an gcuntar; níl bealach againne chun é sin a sheiceáil.

 

Conas is féidir liom eolas a fháil faoi na himeachtaí a bhíonn ar siúl sa Siopa?

Cuirtear eolas ar na meáin shóisialta (Twitter / Instagram / Facebook) agus crochtar póstaeir sa Siopa nuair is féidir. Tá sé ar intinn againn iad a chur ar an suíomh seo freisin ar an leathanach baile.

 

An mbíonn ranganna Gaeilge agaibh?

Ní bhíonn ranganna ag an Siopa, ach bíonn cúrsaí Gaeilge á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge féin. Féach a shuíomh idirlín dá thuilleadh eolais.

 

An gceannóidh sibh mo leabhar?

Tá dornán gnáthdháileoirí ag an Siopa Leabhar agus b’fhearr go bhféadfaí leabhair a fháil sa tslí sin. Déantar cinneadh faoi shaothair fhéinfhoilsithe nó saothair a bhfuil dáileoir eile i gceist leo de réir mar is cuí, ag brath ar an leabhar. Má tá leabhar foilsithe agat agus más maith leat cóipeanna a dhíol leis an Siopa, tar i dteagmháil linn.

Más ag féinfhoilsiú atá tú, tabhair faoi deara le do thoil gur nós do shiopaí i gcoitinne lascaine a iarraidh ar leabhair nó ar earra ar bith a dhíoltar. Táimid lánsásta é sin a phlé leat má thagann tú i dteagmháil linn.

 

An féidir liom leabhar a sheoladh sa Siopa Leabhar?

Is minic a bhíonn seoltaí leabhar agus imeachtaí eile liteartha ar siúl againn sa Siopa. Más maith leat leabhar a sheoladh sa Siopa, tar i dteagmháil linn!

Is nós don Siopa a bheith i bhfeighil na ndíolachán don leabhar atá á sheoladh. Má thagann tú chugainn ag iarraidh an Siopa a chur in áirithe, tuigfear dúinn go nglacann tú leis an méid sin.

Glacann an Siopa Leabhar de réir mar a bhíonn an áit agus foireann ar fáil, i measc nithe eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an sceideal.

 

An féidir libh x, y, z a fhoilsiú?

Ní eisíonn An Siopa Leabhar aon fhoilseacháin ná ní bhíonn aon chumhacht ag an Siopa Leabhar ar a bhfoilsítear sa Ghaeilge. Má fheiceann tú bearna sa mhargadh, is fearr teagmháil a dhéanamh le pé foilsitheoir(í) a d’oirfeadh don togra.

 

An mbíonn leabhair athláimhe ag An Siopa Leabhar?

Ó thús 2020 tá An Siopa Leabhar ag plé le leabhair athláimhe / leabhair dara láimhe. Cuirimid sampla dóibh sin thuas i rannóg na leabhar athláimhe ar an suíomh seo.  Tar i dteagmháil linn más maith leat saothair athláimhe a phlé linn. Iarrfaimid ort íomhá(nna) a chur ar fáil dúinn den ábhar athláimhe agus ní ghlacfar le saothair nach bhfuil i riocht indíolta, e.g. seans nach nglacfar le saothair gan chlúdach, nó má bhíonn leathanaigh ag titim as a chéile. Beidh le feiceáil agus le meas!

Tá spéis ar leith againn i leabhair i nGaeilge, agus glacaimid le leabhair sna teangacha eile Ceilteacha (agus i dteangacha eile fós má bhaineann siad leis an nGaeilge nó leis an tír).