Description
Scéal le Vivienne Baillie aistrithe ó Bhéarla go Gaeilge ag Colm Ó Snodaigh.
Shiúil an file níos tapúla le féachaint arbh í an chailín í ar chuir sé aithne uirthi. Agus é ag teacht gar di chas sí le breathnú air. Ach bhí solas an lae tar éis ídiú agus bhí sé deacair air a haghaidh a fheicint go cruinn. Rinne sí meangadh leis. Rinne seisean meangadh ar ais léi agus d’éalaigh sí as raon súl an fhile timpeall an chúinne.