Cé a Mharaigh Emma Mhic Mhathúna?

14.00

Cnuasach láidir dánta ina bhfuil marbhnaí cumhachtach poiblí d’Emma Mhic Mhathúna, Vicky Phelan agus Sinéad O’Connor ina measc, chomh maith le cáineadh géar ar pholaitíocht na hÉireann na linne seo i gcuideachta dánta níos pearsanta faoin ghrá, an bás agus an teaghlach. Sna dánta seo, airítear file in ard a réime; file i bhfianaise an […]

Category: ,

Description

Cnuasach láidir dánta ina bhfuil marbhnaí cumhachtach poiblí d’Emma Mhic Mhathúna, Vicky Phelan agus Sinéad O’Connor ina measc, chomh maith le cáineadh géar ar pholaitíocht na hÉireann na linne seo i gcuideachta dánta níos pearsanta faoin ghrá, an bás agus an teaghlach.

Sna dánta seo, airítear file in ard a réime; file i bhfianaise an tsaoil, ag cíoradh na smaointe is na gcuimhní agus á síothlú don léitheoir ar bhealach a thugann léargas dó – a lasann an tsamhlaíocht agus an intleacht aige.

Fiosraítear an bheatha agus neamhbhuaine an duine iontu, cuimhní na hóige, bearna na tuisceana idir na glúnta, dáimh teaghlaigh, grá athar. Mar a bheadh saighead ag aimsiú sprice ann, faigheann muid an eitilt ghlan ghéar ar dtús agus an chreathadach nuair a bhuaileann sé croí na ceiste; an focal beag breise a chaitheann solas úr ar gach focal a chuaigh roimhe, agus ansin, an buille marfach.

Tá an ghontacht anseo a mbeifeá ag súil leis ó shárfhile, an aoir fhaobhrach, an searbhas fiú, an greann agus an briseadh croí – an file ar comhbhuille le spiorad na tíre. Ní sheachnaíonn sé an saol polaitiúil ach an oiread, nó pléitear gnóithí náisiúin sa leabhar seo; is file náisiúin atá againn anseo agus guth pobail.

Tá dánta nádúir ann chomh maith, a fhógraíonn an t-athrú atá ag teacht ar an tsaol. Déantar ceiliúradh ar nóiméid bheaga an tsaoil sna dánta seo, ar na háiteanna seachantacha ina bhfaightear an deoir ghlan úr sin a shaibhríonn ár mbeatha: an driogadh atá uainn ón litríocht. Ach thar aon rud eile, tá an daonnacht le fáil ina orlaí sna dánta seo, comhbhá a shoilsíonn as na línte mar chomhartha ar choinsias sóisialta ár linne.

 

Additional information

Meáchan .35 kg