Description
Sa phictiúrleabhar gleoite seo déantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa, an Odaisé le Hóiméar.
Os cionn dhá mhíle bliain ó shin bhí an gaiscíoch iontach Uiliséas ag troid i gCogadh na Traí. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh uafásach sin, b’éigeann dó féin agus dá chairde aghaidh a thabhairt ar an aistear farraige abhaile go dtí an Ghréig. Ach bhí contúirtí móra amach rompu fós.
I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.