Skip to main content

Cleite: Foghlaí Mara Aisteach

Out of stock

  • 0.15 KG:
  • Leabhar Breac
  • Paul Thiès
  • 9780898332469
Praghas

7.50


Úrscéal sa tsraith ‘Cleite’ don aoisghrúpa 7+ faoi fhoghlaí mara beag, agus a chuid cairde.

Ba bhreá le Cleite a bheith ina rí ar na canablaigh. Agus é ar an bhfarraige, séidtear bád beag Chleite sa stoirm. Tagann long an chaptaein Feasóg Fhionn ar an mbád agus tugann sé Cleite ar bord. Cuirtear ag obair é, ag glanadh na loinge. Ach cuireann Cleite aithne ar Chrúca Beag, foghlaí mara beag eile cosúil leis féin. In éineacht le Crúca Beag, tugann Cleite cuairt ar oileán tréigthe — nó beagnach tréigthe. Níl ar an oileán ach Péarla, banphrionsa na gcanablach….

Foghlaí mara maith é Cleite. Tá sé ina chónaí lena mhuintir ar fad ar an long foghlaí mara, an Bolg Lán. Nuair nach mbíonn sé ag obair ar an long, caitheann sé an lá ag cuardach órchistí, nó ag spraoi lena chairde Crúca Beag agus Péarla.