Description
The Wimpy Kid has Irish – Zú Wí Mama!
Níl sé éasca bheith óg agus beag agus is maith a thuigeann Greg Heffley an méid sin. Tá seisean caite isteach sa mheánscoil le daltaí atá níos airde, níos scanrúla agus níos fiáine ná é féin. Tá cuid acu á mbearradh féin, fiú! Ceapann Mama gur cheart do Ghreg dialann a choinneáil agus cur síos a dhéanamh ann ar a shaol. Ach ní aontaíonn Greg léi.
Mar a deir sé féin: Ná bí ag súil go mbeidh mé ag scríobh síos mo chuid ‘mothúchán’ anseo.
An chéad leabhar sa tsraith.