Description
Sraith leabhar filíochta í seo ina ndéanann filí aitheanta na hÉireann aistriúcháin go Gaeilge ar shaothar filí suaithinseacha na hEorpa. Iarradh ar gach file díolaim bheag dánta le file iomráiteach dá rogha féin a aistriú ón bhFraincis, ón Iodáilis, ón Spáinnis, nó ón nGearmáinis.
Eagráin uimhrithe theoranta de 300 cóip atá sa tsraith, seoda ó fhilíocht na hEorpa ón naoú haois déag go dtí an lá inniu.
Na leabhair sa tsraith:
- Arthur Rimbaud aistrithe ón bhFraincis ag Liam Ó Muirthile
- Antonella Anedda aistrithe ón Íodáilis ag Eiléan Ní Chuilleanáin
- Antonio Machado aistrithe ón Spáinnis ag Tomás Mac Síomóin
- Erich Fried aistrithe ón nGearmáinis ag Gabriel Rosenstock
- Andrée Chedid aistrithe ón bhFraincis ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh