Description
Níor cuireadh ach 1,000 cóip d’Fhorógra na Cásca i gcló in 1916, ach as Béarla amháin a bhí siad.
Céad bliain níos déanaí agus tá 1,000 cóip den fhorógra curtha i gcló againn arís – ar an tomhas céanna, leis an gcló céanna, agus chomh cosúil leis an mbunchóip ó 1916 agus is féidir – ach as Gaeilge amháin.
Níl ach 1000 cóip ar fáil – faigh do chóipse anois!
Tagann an póstaer seo i dtiúb cairtchláir agus cuirtear amach le huimhir rianaithe sa phost.