Laethanta Sona (Happy Days, leagan Gaeilge)

15.00

Is leagan i nGaeilge den dráma ‘Happy Days’ le Samuel Beckett é ‘Laethanta Sona’ agus é aistrithe go Gaeilge ag Micheál Ó Conghaile. Scéal faoin gcaidreamh daonna é Laethanta Sona, faoi mhian gach duine beo go gcloisfí é nó go mbeadh éisteoir amháin aige ar a laghad. Drámadóir, file, úrscéalaí agus gearrscéalaí ab ea Samuel […]

Category:

Description

Is leagan i nGaeilge den dráma ‘Happy Days’ le Samuel Beckett é ‘Laethanta Sona’ agus é aistrithe go Gaeilge ag Micheál Ó Conghaile. Scéal faoin gcaidreamh daonna é Laethanta Sona, faoi mhian gach duine beo go gcloisfí é nó go mbeadh éisteoir amháin aige ar a laghad.

Drámadóir, file, úrscéalaí agus gearrscéalaí ab ea Samuel Beckett (1906–1989) a rugadh i mBaile Átha Cliath ach a chaith formhór a shaoil i bPáras. Scríobh sé i mBéarla agus i bhFraincis. Stiúraigh sé drámaí freisin chomh maith le bheith ina aistritheoir. Tá cáil faoi leith ar a dhráma, Waiting for Godot. Bhí sé ina bhall d’Aosdána agus bronnadh an duais Nobel sa litríocht air sa mbliain 1969.

Additional information

Meáchan 0.35 kg