Description
Tháinig nuachtán seachtainiúil Gaeilge amach i 1915 dar teideal Ná Bac Leis. Rinne sé magadh faoi lucht polataíochta na linne, ach bhí teachtaireacht dáiríre aige freisin. Agus an cogadh mór faoi lánseol, d’aitigh sé nár cheart d’Éireannaigh tacú leis, ach seasamh le saoirse a dtíre. Thrácht sé go fuinniúil eolach ar chúrsaí an lae, sa bhaile agus i gcéin, i bprós agus filíocht.