Cur síos
Nuair a chaill Antoine Leiris a bhean de dheasca ionsaithe sceimhlitheoireachta i gceoláras Bataclan i bPáras in 2015 d’fhoilsigh sé litir chuig na sceimhlitheoirí ar Facebook:
‘ní thabharfaidh mé an tsástacht seo daoibh – ní bheidh fuath agam oraibh’
Seo fíorscéal faoina shaol laethúil lena mhac i ndiaidh an ionsaithe. Tá crá croí ann chomh maith le dóchas agus greann – an dólás agus an sólás.