Description
An caidreamh a dhéanann daoine le daoine eile is cás le Pádraic Breathnach sa saothar seo – an chéad chnuasach nua gearrscéalta dá chuid le beagnach fiche bliain.
Caidreamh ina thús nó ina dheireadh, caidreamh á chothú agus caidreamh á scrios, caidreamh folláin agus caidreamh míshláintiúil.
Seo díolaim scéalta a bhfuil casadh chun an dorchadais le sonrú go láidir iontu: fir dhrúisiúla, mná míshásta, tuismitheoirí atá imníoch agus páistí atá míbhuíoch, daoine atá ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ar dhaoine eile, agus gan a fhios acu go bhfuil an chluain á cur orthu féin.
Leabhar é ar furasta gruaim a shamhlú leis ach a bhfuil an solas ina orlaí tríd.