Description
Is fada bheas trácht liteartha ar eachtraí ‘laoch’ an úrscéil seo, an ceann is deireanaí ó pheann clúiteach Bhreandáin Uí hEithir, Piaras Mac Con Mí – oirfideach a chaitheann a shaol agus é ag iarraidh a éalú ón leagan amach réabhlóideach atá ceaptha dó ag a athair, poblachtánach den seandhéanamh. Tá greann agus uafás neamhghnách san úrscéal seo agus stíl ealaíonta próis, idir chomhrá agus scéalaíocht.