Description
Tá formhór na n-aistí sa leabhar seo bunaithe ar na cainteanna a tugadh ag an tríú comhdháil ar litríocht agus ar chultúr na n-óg a tionóladh in Institiúid Oideachais Marino, i mí Mheán Fómhair 2013. Tá 11 aiste phiarmheasúnaithe i gceist, agus dírítear ar ghnéithe éagsúla de chultúr agus litríocht na n-óg, ó théama an chreidimh go cúrsaí litearthachta. Tugann an leabhar seo an deis do scoláirí nua a gcuid taighde a chur os comhair an phobail.