Description
Aistriúchán Risteáird Mhic Annraoi ar b’fhéidir an leabhar is cáiliúla le Douglas Adams.
Ní gan chúis atá iomrá ar Treoirleabhar an tStobaire don Réaltra ó foilsíodh é den chéad uair i 1979. Déanann an scéal nasc geana agus cairdis idir a chuid léitheoirí ar dhóigh neamhghnáthach. Tá an leabhar agus a údar Douglas Adams (1952-2001) i dtiúin le ‘spiorad na haoise’. Fear ildánach ileolach le haigne fhíorthreascartha ab ea Adams, féith an ghrinn aige agus ardsamhlaíocht a spreagann doimhinmhachnamh. Ní raibh aon bhreall air i leith ísealchéim an domhain seo againn..
Tús pléascach atá leis an scéal seo. Ní thuigeann a laoch saonta Arthur Dent cad chuige go bhfuil a thigh agus an domhan ar fad le scriosadh chun mórbhóthar spáis a dhéanamh tríd an réaltra. Is cúis mhór ionaidh dó é nuair a theilgtear amach san imigéin é i dteannta a chara Ford Prefect, gan acu ach a dtuáillí agus cóip de Treoirleabhar an tSíobaire don Réaltra. Murach go raibh na focail TOG GO BOG É ar an gclúdach, ní thabharfaí aon aird air.
Ar ámharaí an Réaltra, faigheann siad síob idir-réaltach in am an ghátair. Castar neachanna neamhshaolta orthu ansin, agus feiceann Arthur pláinéid shuntasacha nár chuimhnigh sé riamh a bheith ann. Buaicphointe an scéil is ea an radharc ar an ríomhaire atá i ngleic leis an gCeist Dheiridh i dtaobh na Beatha, na hOllchruinne agus Uile. Is beag súil atá ag éinne leis an bhfreagra a thugann sé uirthi!
Tá an leabhar aistrithe go Gaeilge anseo ag Risteárd Mac Annraoi. Tá a leagan de leabhar eile le Douglas Adams, Dirk Gently agus a Ghníomhaireacht Bhleachtaireachta Iomlánatoch, ar fáil freisin.
Clúdach le Mark Wickham