Description
Tá idir shamhlaíocht agus chur abhaile thar na bearta le haithint anseo agus tá stíl bhreá á cleachtadh anseo tríd síos atá trédhearcach agus an-éifeachtach. – An tOireachtas
Scéalta i bhfrámaí éagsúla atá i gceist sa leabhar seo. Sraith de scéalta faoi uaigheanna neamhghnácha a léiríonn pobal neamhghnách. Ealaíontóirí óga ar thóir an nua agus an léargas a thugann sé sin ar an dorchadas i gcroí an duine. Síobshiúlaí agus na scéalta a insítear dó. Scéalta grá i bhfoirm litreacha seolta ag fear chuig a bhean chun achrann a réiteach.